School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
An Tulach | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0155

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Is iomdha duine a thuill clú agus cáil i mo cheanntar acht seo iad na daoine ba láidre abhí sa gceanntair. Maitias De Búrca a fuair an chéad duais ag caitheamh an uird agus Páidín Rúaidí an dara duine agus Tom Aindí an tríomhadh fear.
Bhí an comórtas ar siúbhal ag na "Coast Guards". Leath-chéad meádacain abhí aca dhá caitheamh. Bhíodh airgead curtha mar gheáll. Bhíodh cúpla céad duine ag breatnú ortha Sin é an uair a deineadh céibh ceánn an bhóthair. Maitias De Búrca agus Páidín Rúaidí bhí siad mar mháirnéalaig ar longa Shasana agus nuair a tháinig siad abhaile bhí siad i ndon an uird agus clocha trom a chaitheamh chuiridís 15 slata nó 14 slata iad acht ní raibh Tom Aindí chomh maith leó mar níor fhág sé an baile ariamh. B'sin iad na fir ba láidre bhí san áit ar fad. Bhí gach duine aca

(continues on next page)
Collector
Mairghréad Ní Cualáin
Gender
female
Informant
Nóra Ní Chualáin
Gender
female
Age
93
Address
Ballynahown, Co. Galway
Informant
Tomás Ó Cualáin
Gender
male
Age
63
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish