School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0154
  3. XML “An Coileach agus Ceaircín an Tioc-Tioc”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an coileach agus cearcín a' tiuc-tiuc ag cartadh i leath taoubh an bhothair. Chaith duine éigin cloch leo agus buaileadh ar an gcoileach í. "Ó,' ars an coileach leis an gcearcín, "tá sé 'na chogadh dearg."
    -Cé aige a chuala tú é? adeir an chearcín
    -Mo dhá chluais a chuala é, mo dhá súil a chonnaic é, i mbun mo ghiota a buaileadh mé agus dá mbadh cloch é bheadh mé marbh.
    -Tá sé chomh maith againn imtheacht go tír eile mar sin, arsa' an cheaircín
    -Tá go maith, mar sin, ars an coileach.
    D'imthigheadar leó gur caradhgé dhóibh.
    -Cá bhfuil sibh ag dul? ars an ghé
    -Mo dhá cluais a chuala é, mo dhá shúil a chonnaic é i mbun mo ghiota a buaileadh mé agus dá mbadh chloch é bheadh mé marbh.
    -Tá sé chomh maith agam-sa, mar sin, a dhul in éinfheacht libh ars an ghé
    -Déanfaidh sin, ars an coileach, agus d'imthigheadar leo gur caradh lacha dhóibh.
    -Cá bhfuil sibh a' dul? adeir an lacha.
    -Ó tá sé 'na chogadh dearg, adeir an coileach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0020C: The Animals Flee in Fear of the End of the World
    AT2033: A Nut Hits the Cock's Head
    Language
    Irish
    Collector
    Muintir Coisdealbha
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway