School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0145
  3. XML “Daoine Cáiliúla agus Eachtraí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá go leór fir láidre thart ins an áit seo mar atá. Seán Ó Donnchadha. Bí sé i ndan inneóin ceardthan a thabhairt leis ina dhá láimh agus míle bealaigh a shiubhal agus é aige agus ní leigfheadh sé sgíth ná tada acht an oiread agus nach mbeadh fhios aige an raibh tada aige.
    Bhí Micilín Mhuiceanach i ndan trí bhairrle teara a chur ós cionn a chéile lá dhá shaoghal agus bhí Pádhraig Ó Donnchadha i ndan leath-chéad a shíneadh ar an aon ladhairchín. Is iomdha duine a shíl é a dhéanamh acht theip orra. Bhí Peadar Shéamais Nóra i ndan mála deich gclocha a thabhairt amach ina bhéal as an siopa agus a leagan isteach sa gcárr.
    Bhí fear eile ann dárbh' ainm Seán Fada agus bhuail sé fhéin faoi acht nuair a bhí sé crochta ón talamh aige thuit sé aríst uaidh acht chuaidh a chuid fiacla i bhfastódh ann agus briseadh cúpla fiacail ann.
    Bhí fear eile ann Micil Sheáin Donn agus ní raibh duine ar bith i ndan a dhul ag caitheamh cloch leis. Lá amháin bhí sé fhéin agus fir eile ag siubhal ar an sliabh agus do chonnaic siad girrfhiadh. Bhí sé an-fhada uatha acht do chaith Micil cloch leis agus bhris sé a chois agus d'eirigh leis go raibh an girrfhiadh aige.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhágharta
    Gender
    Female
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Fáthartaigh
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Age
    22
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway