School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0144

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0144

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0144
  3. XML “An Líon”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá garrdhai ar mo bhaile fhéin ar an gCaorán agus sén t'ainm atá air na garrdha an lín. Sé an fáth a tugadh an t'ainm sin air mar gheall go mbíodh lion dhá cur ann fadó. Ar dtús ceannóchadh na daoine cárt ruis agus chuirfhidís é i ngarranta doimhn agus d'fhásfhadh sé ar nós seagal. Nuair a bheadh sé i n-am é a bhaint 'séar'd a dhéanfhaidis é a tarraingt as an talamh agus punannacha móra a dhéanamh dhó agus é a chur le claidhe nó go dtriomóchadh sé. Nuair a bheadh sé tamall bainte chuirfhidís ins an loch e le go mbogfhadh sé agus annsin nuair a thógfhadh siad as an loch é do sgaraidís ar an talamh é le go dtriomóchadh sé aríst. Thiubhraidís abhaile é nuair a bheadh sé tirim agus chuiridís isteach ins an gcró é go dtiochfadh an geimhreadh agus na h-oidhcheannta fada. Nuair a tiocfadh an geimhridh chuiridís síos teine(adh) mhór agus dhéanadh siad sórt áilear os cionn na teine agus leagaidís an lion os cionn an áiléar.
    Nuair a bheadh sé tirm cruaidh bhainidís as (aa) an síol agus nuair a bheadh an síol bainte as thiubhradh siad leó tuailigíní [tuairgníní]nó maidí agus rachaidís ghá bhualadh le go mbaineadh siad dó na déasracha. Nuair a bheadh an méid sin déanta acu leagaidís amach an bord agus leagadh siad an lion ar chorr a'bhoird agus thiocfhaidís dhá slisnáil sa gcaoi go mbainidís dhó na déasracha tuilleadh.
    Annsin gheobhaidís tlú gairminte agus rachaidís dhá ghairmint leis an tlú agus nuair a bheadh sin déanta aca bheadh an líon chomh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Séamus Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Informant
    Máire Ní Fhátharta
    Gender
    Female
    Age
    72
    Address
    Baile an tSléibhe, Co. Galway