Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. Galway
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0141
  3. XML “Tobairín Ard a' Mhulláin”
  4. XML “Scoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí dall i gCaorán beag san gCillín
    (.i. Parróiste na Ceathrún Ruaidhe). Bhí sí a' brionglóidighe dhá dtéigheadh sí soir treasna an chuain go dtí an tobar go bfuigheadh sí leigheas ann.
    D'imthigh sí léi annsin agus tháinig sí isteach san gcuan isteach díreach ar aghaidh an tobair agus chuir sí a láimh san uisge agus chuimil sí ar a súile é agus fuair sí a h-amharc.
    Tá leigheas san tobar sin. Tá sé go maith le tinneas cinn agus éalang mar é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sean-sgoil ar an gCaorán . Bhí Páidín
    Mac Donnchadha ag múineadh ann.
    Sean-sgoil in Indreabhán . Bhí Páidín
    Mac Donnchadha ag múineadh ann
    Sean-sgoil ar an gCnoc . Mac Nalty
    (Sgoil Náisiúnta 1885) Bhí Padhraic
    Mac Domhnaill ag múineadh ann.
    Sean-sgoil ar an gCoill Ruadh . Bhí
    Liam Ó Laighe ("Loy") ag
    múineadh ann.
    Sean-sgoil ar an Tulaigh . Bhí an
    Máistir Mac Taidhg ag múineadh
    ann.
    Sean-sgoil ar an gCaorán . Bhí an
    Máistir Ó Briain ag múineadh ann.
    Sean-sgoil i Ros a' Mhíl . Bhí an
    Máistir Ó Catháin ag múineadh ann.
    Béarlóirí do b'eadh iad go léir, agus Béarla is mó bhídís ag múnadh. Acht bhí sgoil Ghaedhilge ar an gCnoc, deirtear. Tháinic sgoláire thart ar an gCoill Ruaidh tráth ag díol láimhsgríbhinní - leabhraíní a raibh sean-amhráin agus seanchas srl ionnta - sin é adeir Micil Ó Culáin (62) Coill Ruadh liom. (TÓS).
    Bhí sgoil ag na Protastúin ar an gCaorán ar feadh tamaill agus 'na dhiaidh sin thíos ag an gCaisleán.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Diolláin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    75