Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. Galway
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0139

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0139

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0139
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Deirtear gurb é sin an áit tháinig Colm Cille i dtír nuair a tháinig sé as Árainn go Connamara agus gur tharraing sé suas an bád ann agus chuaidh sé ón tobar beag go dtí an tobar mór agus tá lorg slabhra le feiceál ann go dtí an lá indiú.
    Ó thuaidh de'n tobar mór tá bád déanta de'n chloich. Tá sí cosamhail le bád go díreach agus tá áit na maidí rámha innte.
    Tugann na daoine píosa do'n bhád leób le leighiseanna agus tugann siad an feamuinn agus : an caonach a bhíonn thart ar an tobar leó freisin agus bíonn sé aca arís ar feadh na bliadhna le cuimilt do loit a bhíonn ortha.
    Tá cloch mhór ins an tobar beag agus chaith duine do na Blácaigh as í uair agus bhí sí ann arís ar maidin.
    D'imthigh sí uair eile as agus chonnaic na daoine istigh faoí charraig í agus bhí siad ag iarraidh í thabhairt amach acht chinn sé orta agus faoí cheann cupla lá na dhiaidh sin bhí sí ar ais na h-áit féin.
    Tugann siad turas thart ar an dá thobar sin agus is iomdha duine a fuair leigheas ann.
    Tá tobairín beag eile ar an gCaorán An Mulláinín a thugaimíd air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairghréad Ní Chualáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Colm 'ac Cualáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. Galway