School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0138
  3. XML “Oíche Fhéile Bríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    mháthair nuair a d'airigh muid mo athar ag rádh, "Fainic na bfuil ciseán lé h-aghaidh na n-uibheacha agaibh?
    Siúd isteach liom fhéin agus thug mé liom an ceaintín mór leathan a bhí ar an mbord.
    Dimthigh an bheirt againn linn agus go bródamhail dúinn fhéin. Tigh Mhicil Bhearcla an dara teach a chuaidh muid agus seas muid sa doras agus dubhairt mé fhéin. "Teighidh ar bhúr nglúine agus abruighidh bhúr gcuid páidreacha agus leigidh Naomh Brígid isteach."
    "Taraidh isteach," adeir bean an tighe linn fhéin. Isteach linn agus rug bean an tighe ar an mBrídeóg agus phóg sí í agus leí agus thug sí anuas cupla ubh againn agus leag sí síos na gceaintín go curamach iad. "Go raibh maith agus fad saoghail agaibh," adeir mé fhéin, "agus go mba seacht bhfearr bhéar sibh an tam seo arís." "Go mba hé dhaoibh," adeir bean an tighe linn.
    "Thug Baibín cupla brobh di annsin agus d'imthigh muid linn go bródhamh agus bhí muid ag tabhairt corr-shúil an an gceaintín ar fatchíos go mbriseadh na h-uibheacha orainn. Bhí muid ag imtheacht linn ó theach go teach mar sin nó go raibh gach teach sa mbaile suibhalta againn, bhí leath an cheaintín mór de uibheacha againn agus sparán maith airgid. 'Sí Máire Chóilím a thug an srarán dúinn leis an airgead a chur ann. Chuaidh muid ag an siopa annsin lé na h-uibheacha agus fuair mmuid airgead orra tug fear a'tsiopa cúpla pinghin eile lé cois dhúinn.
    D'imthigh muid abhaile annsin agus roinn muid an t-airgead cothrom eadrainn ag dul abhaile dhúinn. Bhí an bheirt againn ag léimeacht lé teann áthais, mar gheall ar a raibh d'airgead againn. Nuair a tháinic mé abhaile bhí Máirtin i istigh rómham agus thosuigh sé ag iarraidh airgid orm, ach sin a raibh de mhaith dhó ann, mar is maith a bhí sé saothruighthe agam fhéin ar feadh na h-oidhche ag imtheacht ó theach go teach. Acht choinnigh an rógaire beag ag tuineadh liom agus do ghrádh réidhtigh, agus lé gean do Bhrighid thug mé cúpla pighinn dhó
    -Bairbre Ní Coistealba
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Feast of St Brigid (~366)
    Language
    Irish
    Collector
    Bairbre Ní Coisdealbha
    Gender
    Female
    Age
    14
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway