04/06/2018 Weekly Pick  (See more »)

School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Toibreacha Beannaithe

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0137

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Chuala muid ar fad trácht ar Cholm Cille. Tá tobar beannuighthe leis thiar ar an mBánrain i n-aice leis an roilig. Tobar beannuighthe is eadh é agus bíonn daoine ag tabhairt turais ann an naomhadh lá de Mheitheamh, sin é lá Colm Cille, agus bíonn pátrún againn i n-ónóir.
Na daoine a bhíonn ag tabhairt turas téigheann siad seacht n-uaire timcheall ar an tobar agus iad cos-nochtuighthe agus caithfidh siad a theacht trí lá chuig an tobar sul mhá bhíonn an turas críochnuighthe aca.
Tá tobar beag beannuighthe eile i n-aice le Tobar Cholm Cille agus tugtar turas ann freisin.
Tá cloch chruinn ins an tobar beag sin agus bíonn iasg beó istigh fúithi agus bíonn sgiatháin ortha. Níl siad cosamhail le iasg na fairrge ná iasg ar bith. Iasg beannuighthe iad sin agus caitheann na daoine biadh chuca nuair a bhíonn siad ag dul thart ar an tobar.

(continues on next page)
Collector
Mairghréad Ní Chualáin
Gender
female
Address
Ballynahown, Co. Galway
Informant
Colm 'ac Cualáin
Relation
parent
Gender
male
Age
60
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish