School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0132
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ndóthain againn do chleas an tubáin. Chuaidh muid a'smúrchacht amach i ngarrdhaí gabáiste Tom Éamoinn go mbeadh fhios againn a bhfuigheadh muid bás an bhliadhain sin.
Dhá leagadh muid ár lámh ar an ngabáiste ghlas gheobhadh muid bás sul má bheadh an bhliadhain caithte agus dhá leagadh muid ar an ngabáiste geal í bheadh muid pósta sul má beadh an bhliadhain caithte. Dhún muid ár gcuid súl agus bhí muid ag lapaireacht annon is anall sa ngabáiste agus tá mé ag ceapadh nach raibh aon das amháin ina sheasadh sa ngarrdha 'nár ndiadh.Deirtear san áit seo
(1) Go milleann na púcaí na sméara
Oidhche Shamhna,
(2) nach ceart aon uisge salach a
chaitheamh amach an oidhche
sin gan "Chugaibh, chugaibh!"
(hugaí,hugaí) a rádh ar fhaitchíos
go mbuailfí an t-uisge ar na
sidheógaí.Cleasa Oidhche Samhna:-
(1) Tumadh i ndiaidh ubhlaí sa tubán.
(2) Snap-apple - ruadhóg ar líne an
tighe agus ubhla air.
(3) Cleas na bhfó-chupán - uisge
glan, u.salach, cré, fáinne, paidirí.
(4) Blogam uisge thabht as tobar na
tórann agus a dul ag éisteacht ag
doras na comharsan - an chéad
ainm a chloisfeas tú annsin, sin é
ainm do chéile.
(5) Ag déanamh fios i measg an
ghabáiste.
(6) An bairighean breac, - nó cáca a
mbeadh, ceirt, airgead agus fáinne
ann.
(7) Na Pónairí.- Collector
- Peadar Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Indreabhán, Co. Galway