School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0130
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)go mbeidh muid ag iarraidh do bheannacht anois ort."
Tá an Sagairtín óg mar leas-ainm againn air ó shin.
Bhí an sgéal go maith againn nó gur cuireadh an púicín ar Shéamus Mhicil. Ins an uisce salach a chuir sé a lámh agus mar gheall gur ina bhaintreabhach a bheadh sé, bhí uathbhás air ag iarraidh a lámh a chur san uisge glan i ngan fhios, ach bhí sé feicthe sul má bhí sí tarraingthe as an uisge salach aige agus ní raibh dhá bharr aige ach trí phláta a bhriseadh. Bhí mo mháthair roinnt feargach agus dubhairt sí linn éirighe as an gcleas sin agus cleas an tobáin a tharraingt anuas.
Bhí go maith, leag muid tubán mór uisge i lár an urláir agus chaith mo mháthair ubhall síos ann. Ag Máirtín a bhí an chéad tumadh. Chaith sé de a chóta agus a bheist agus chuaidh sé ar a dhá ghlúin le h-ais an tubáin. Sháith sé síos a chloigeann faoin uisge ach tharraing sé aníos go héasgaidhe é. Ní raibh sé ag déanaadh ach tumaireacht bheag scáthmhar thart sa tubán.
"Cuimhnigh ar do phlaic a dhriotháir," adeir mo mháthair leis. Ní túisge a bhí sin ráidhte aice ná d'alp sé an t-ubhall agus d'fhéadfaí alp a thabahirt uirthi freisin, chuaidh sé go síol dubh ann.
"Nár laga Dia thú," adeir m'athair 'mapa maith' atá sé saothruighte agat, "d'féadfá sin a rádh ar chaoí ar bith," adeir Séamus Mhicil, ag eirighe den chathaoir dhó agus ag caith dó a chota agus ag dul ar a dhá ghlúin le taobh an tubáin. Sháith sé síos a chloigeann go muineál ann ach ní bhfuair sé an oiread is blas an ubhla. Ní raibh aon ribe gruaige ar a chloigeann nách raibh ina seasadh suas díreach leis an bhfliuchán.
Dubhairt m'athair linn annsin tabhairt faoí cleas éicinnteile go raibh a(continues on next page)- Collector
- Peadar Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 14
- Address
- Indreabhán, Co. Galway