School: An Tulach (roll number 13148)
- Location:
- An Tulaigh, Co. Galway
- Teachers: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tulach
- XML Page 0125
- XML “Seanscoileanna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní bhfuigheadh na máightstirí aon pháighe acht an méid a tiúbhradh na gasúir féin dóib.
Thiúbhradh na gasúir bheaga pingin dhóibh gach seachtmain agus bhí siad ag árdú do réir mar bheadh na ranga ag árdú.
Na sgoláirí abh' feárr an t-am sin ní bhíodh siad acht ins an gceathrú rang.
'Na suidhe ar bhínsí abhíodh na gasúir agus bhíodh stól beag ag an máighistir le suidhe air.
Ba le Máire Ní Nuáin an teach a mbeadh an Sgoláire bocht seo ag múineadh ann.
Bhí trí sgoil eile ar an g-Caorán ceann i mBaile an t-Sléibhe in áit a bhfuil tighe ghabha Mhághnuis anois.
Ba é Pádraic Mac Donnchadha abhí ag múineadh ann. Tá sé timcheall cheithre sgóir agus cúig bliadhna ó bhí an sgoil sin ann agus sin í an chéad sgoil abhí thart annseo ariamh agus bhíodh daoine as Baile na h-Abhann agus as Ros-a-Mhíl agus as chuile áit thart ag dul go dtí í.
D'athruigh an t-Athair Ó Liatháin aniar as Baile an t-Sléibhe í ar an gCaorán agus sin í an chead sgoil náisiúnta abhí thart.
An sgoil abhí ar an g-Caorán d'athruigh an(continues on next page)- Collector
- Mairghréad Ní Chualáin
- Gender
- Female
- Informant
- Nóra Ní Chualáin
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female
- Age
- 93
- Address
- Baile na hAbhann, Co. Galway