School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Seanscoileanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0123

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sean Sgoileanna

Mairghréad Ní Chualáin do sgríobh síos.
Ó mo shean-mháthair Nóra Ní Chualáin (93) a fuair mé an seanchus seo.

Bhí ceathair nó cúig de sgoileanna thart annseo fadó timcheall ceithre sgóir bliadhanta ó shoin. Bhí ceann in aice le Sgoil na Tullaighe in áit atá Teaimín anois.
Sgoláire bocht a bhí ag múineadh ins an Sgoil sin. Ní raibh aon teach áirithe ag an sgoláire bocht. Bhíodh sé aon oidhche amhain i n-éindigh le gach sgoláire agus mar sin a bhí se ag maireachtáil.
Ní mhúineadh sé aon ádhbhar ins an sgoil acht Béarla agus bhíodh cláirín beag faoi na smig, ar a dtugaidís Taillí ag na páistí ar fhaithchíos go labharfadh siad aon focal Gaedhilge. Dá labhradh chuirfidhe eangadh ar an tally dóibh agus buailfidhe san sgoil agus sa mbaile iad. Dá gcloisteadh an máighistir iad ag labhairt Gaeilge bhuailfeadh sé go maith iad.
Ní bhíodh aon leabhar acu acht aon leabhairín bheag amháín "Primer" a thugaidís uirthi agus ní bhíodh aon rud acu le scríobh air acht slinnte.

(continues on next page)
Collector
Mairghréad Ní Chualáin
Gender
female
Informant
Nóra Ní Chualáin
Relation
grandparent
Gender
female
Age
93
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish