School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0122

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0122

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0122
  3. XML “Scéal Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sagart i dteach thiar i Connamara fadó ag tabhairt faoisdine uaidh. Nuair a bhí an fhaoisdean thart bhí sé ag dul ag léigheamh Aifrinn do'n phobul. D'fhiafruigh sé a' raibh aon duine sa teach i ndon an tAifreann a fhriotháil.
    Dubhairt Domhnall Dearg go raibh sé féin i ndon é fhríotháil.
    Ba leis an sagart an chéad rud a rádh, agus thosuigh Domhnall annsin. Bhí Domhnall ag cur dhó go ceann píosa fada agus faoi dheireadh dubhairt an sagart leis:
    "Ar son Dé dúin do chlab níl fhios agam sa deabhac céard atá tú 'rádh"
    "Mh'anam mhuise, a Athair", adeir Domhnall, "go bhfuil mise ar an gcaoi céadna leat. Níl fhios agam sa domhan cé na frétuisí atá tú féin a' rádh ach an oiread."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Informant
    Bairbre Ní Choistealbha
    Gender
    Female
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway
    Informant
    Máirtín Ó Coistealbha
    Gender
    Male
    Address
    Caorán na gCearc Thuaidh, Co. Galway