School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
Tully, Co. Galway
Teacher:
Tadhg Ó Séaghdha, Máire, Bean Uí Dhuigneáin

Filter stories

Back
/ 0268 Forward
Resolution: Low | High
Cruatan

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0114

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Tá áit thíos ag an gcladach i mBaile na hAbhann a dtugtar an Ancoire air.

Bád mór a bhí ag tarraingt adhmaid go Gaillimh fadó tháinig lá garbh uirthi agus ruaigeadh isteach annseo í agus do déanadh píosaí beaga di. Acht do sábháladh na fir a bhí innti agus do tugadh aisti an t-adhmad a bhí innti. Thug daoine iarracht faoi dhó ar an mbád a thabhairt as acht chinn sé ortha. Tá anncoire an bháid ann ariamh ó shoin agus tá sí le feiceál ann fós. Baisteadh an Ancoire ar an ait agus beidh an t-ainm sin air go deó.
Báthadh bád ar Ros a' Mhíl amuigh sa gcuan seo cúpla bliadhain ó soin - bád Pheaitir Seóighe. Bhí sí ag dul soir go Gaillimh le lucht móna agus cóir bhreagh aici. Acht dheirigh cuaifeach uirthi agus crochadh na seólta uaithe agus báthadh í. Sábháileadh na fir a bhí innti.
Báthadh bád eile ar Connamara. Ag teacht anoir ar Co. an Chláir a bhí sí thréis a bheith thoir lucht móna. Bhí an lá an gharbh agus ruaigeadh isteach ag Claidhe na Tórann i mBaile na hAbhann í.
Cuaidh beirt fhear amach ag iascach i gcurrach fadó - Pádhraic Mór agus Tomás Murchaidh. Bhí cleamhnas Pádhraic déanta agus deir na daoine nach ceart do'n té mbíonn a chleamhnas déanta dul amach - go mór mhór ar an bhairrge - mar bíonn tóir ar a leithéidi. Maidin Domhnaigh a bhí ann agus bhí siad ag marbhú goleór iasg. Péibi cé'n chaoi bhí sé ghá tharraingt d'iompuigh an currach agus báthadh Pádhraic. Ní raibh snámh na tada acu acht d'eirigh le Murchadh theacht slán. Thóg bád Seáin Ruaidh ar an gCillín thiar ag Carraig a' Logáin é.

Collector
Áine Ní Fhátharta
Gender
female
Address
Ballynahown, Co. Galway
Language
Irish