School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0110

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0110

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0110
  3. XML “Paidreacha le Rá ag Dul a Chodladh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Aine Ní Fhágarta do chuir síos
    Tomás Ó Fágarta a dearbhrathair (21) ar baile na hAbhann a dinnis dhi é.
    "Go luighe muid le Dia
    Is go luighe Dia linn"
    "Go luighe muid le muire
    Is go luige muire linn ná luighimís leis an olc.
    Is nár luighe an t-olc linn
    Comhacht ón athair,
    Gárda ón mac
    Aingeal ón Spiorad Naomh.
    Mo chumhdach is mo shádhbháil
    Go neirghe mé aríst ar maidin. Amén.
    Ceithre phosta ar mo leabaidh
    Ceithre aingeal Maitiú Marcus Lúcas agus Seán dhá bfhaireadh
    Má fhághaim bás as seo go maidin.
    I bhflaitheas Dé go raibh m'anam.
    Ifrionn dúnta. Purgudóir múchta Flaitheas osgailte Amén.
    An Té a thug slán ón lá sin
    Go dtugaidh Sé slán ón oidhche sinn,
    Go dtugaidh Sé slán as chuile ghadh sinn
    Go dtugaidh Sé buadh agus treise dhuínn ar ár námhaid.
    Agus nár fhághaidh ár námhaid buadh ná treise orainn
    Ma'sé toil Dé é. Amén.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. prayers (~3,266)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Fhátharta
    Gender
    Female
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Fágarta
    Relation
    Relative (other than parent or grandparent)
    Gender
    Male
    Age
    21
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway