School: An Tulach (roll number 13148)

Location:
An Tulaigh, Co. Galway
Teachers:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0104

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0104

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tulach
  2. XML Page 0104
  3. XML “Páis Chríost”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Acht a bhfeiceadh Sé a Mháthair is a míle beannacht.
    Annsin chuaidh Sé do'n Gháirdín imeasg na n-aspol
    Chuir Sé 'na suidhe iad ar bhinnsí glasa
    - Bidhidh 'na (= 'nbhur) suidhe is bidhidh 'na seasamh
    Is baoghalach díbh go ndearna sibh an chodladh fada.
    Seo iad na sluaighte deamhan ag teacht
    Agus ní le maith dhom.
    Annsin tháinic Iudás bradach
    Agus bhain sé póg Dhó, nid nárbh' ait leis
    -Ó a Iúdás nach í do phóg an phóg bhradach
    Ní ór a fuairis le na sgaipeadh
    Acht Ifreann síorraidhe go buan mar leabaidh.
    Thugadar leó Íosa go dtí teach na Daoirseachta
    Agus chuireadar air gach breith dá dhaoirseacht
    Thugadar seacht sgiúirseáil dó faoi mheadhon oidhche
    Bhuaileadar dhá chéad buille ar a Chorp Naomhtha
    Annsin chuireadar an choróinn spionta air
    Agus an tsleagh na thaobh.
    Tháinic an t-Árd-deabhal a bhí os cionn a buailte
    Domblas dragúin agus nimh tríd suaidhte:
    -An bhfuil tart ort a dhuine uasail?
    -Níl aon duine dá mbeadh i Mo chruth nár díol truaighe É.
    Tá mo chuid fola 'na srutha anuas liom
    Agus tá mo chuid feóla na spólaí fuara
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Cúláin
    Informant
    Nóra Ní Chúláin
    Gender
    Female
    Age
    93
    Address
    Baile na hAbhann, Co. Galway