School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seán Ó Cioghain
Cartúrleathan
Táim mo chomhnuidhe sna Mionna timceall 18 míle siar ó Ghaillimh. Tá mo bhaile i bparroisde an Spidéil agus i mbarúntacht Mágh Chuilinn. Tá 56 teach ann ar fad agus cé gur tighthe ceann tuighe a bhí ionnta ar fad beagnach 10 mbliadhna ó choin tá naoi dteach deag anois ann agus ceann slinne orraibh, tighthe nuadh iad a tóigeadh le conghnamh ón riaghaltas, bhí timceall an méid céudhna tighthe ann le cuimhne na ndaoine meadhon aosta acht tá cuimhne ag na sean daoine ar an tám nach raibh acht idir 38 agus 43 theach ann; roinn daoine a raibh gabhaltailsí mórá aca ar a gclann mac agus sin é an chaoí a mhéaduigh uimhir na dtightheDeirtear gur bé an fáth ar tugadh Mionna air mar go raibh an talam mín seachas an talamh a bhí taobh shoir na taobh shiar de - ach is deacair(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Cioghain
- Gender
- Male
- Address
- An Cartúr Leathan, Co. Galway