School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Page 0031
- XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”
- XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhíodar ag munadh ann agus ag iarraidh na daoine a chuir ag na paidreacha a bhíodh aca ann. D'athruigh mórán thart ann agus thugadar arán agus uisge do na daoine sin mar "Commaoineach" nuair a bhíodh na paidreacha puiblidhe ar siubhal aca.
- Máirtín Ó Coisdealbha agus Seán Buidhe Blacach.
Bhí Blácach ann a raibh Seán Buidhe Bhlácach air. Droch fear a bhí ann agus nuair a bheadh do chios ioctha agat bhainfeadh sé dhíot do chuid beithidhigh agus do chapall dá mbeadh a leithéide agat.
Bhí fear i gCornarón - Máirtín Ó Coisdealbha - agus lá amháin tháinig Seán Buidhe Blácach go dti é agus thug sé leis a chuid beithidhigh; nuair a bhí sé sgathamh imthighthe soir an bóthar d'ealuigh Máirtín roimhe, chuaidh sé faoi'n gclaidhe agus nuair a bhí an Blácach ag dul thairis amach rug sé ar cloch agus bhuail sé ar clár na baithise é agus is beag nar mharbhuigh sé é.
Ar maidin lá'r na bháireach bhí seisear nó seachtmhar aca aniar ag(continues on next page)- Informant
- Tadhg Ó Conaire
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway