School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Blácaigh agus an Eaglais
Lá amháin bhí sagart dul ag léigheamh aifrinn agus bhí teach phobail ar aghaidh an chaisleain amach. Sheas sé suas agus d'fhógair sé ar an bpobal seasamh agus bheith na dtost agus deir sé "Smaoinighidh a phobail ar an rud atá mé ag rádh libh indhiú Feicfigh sibh an caisleán salach sin shios faoi neadracha preacháin fós. Colligan a bhí ar an ministéar a bhí ann an t am sin. Bhí teampall aige agus é ag léigheamh "aifrinn" protastunach ann. Bhíodh munntir na h áite dul ann agus bhíodh airgead - 1d no 2d le fághail aca as ucht bheith i láthair.
Bhíodh coisde dhá chapall aige nuair a bhíodh sé ag dul an bóthar agus chaitheadh sé pinghin ag duine ar bith a chuirfeadh a láimh ina chaipín dhó.
Dá mbeadh duine tinn agus fios a chuir air le'n "ola" a chuir air dearfadh sé "Ashes to ashes and dust to dust if God wont take you the Devil must."
Bhíodh sé ag munadh sgoile ann freisin agus sé an sgoil a bhíodh sé ag munadh:- "Cáca os cionn cáca is nach árd an cáca é sin: Cnoc os cionn cnuic agus nach árd an cnoc é sin."(continues on next page)- Informant
- Pádhraig Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Indreabhán, Co. Galway