School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Page 0029
- XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”
- XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé iad i nga nfhios do na Blácaigh. An lá seo agus é á bhaint tháinig an Blácach thart an bealach agus ní fhaca an fear go deó é nó go bhuail an Blácach ar an mbaithis é le ceann de na turnapaí acht má bhuail fhéin níor bhac an fear leis mar bhí fhios aige chéard a bhí i ndan dó in aimsear cuir na bfataí. Bhí na turnapaí ar fad ag an Blácach.
- Cuir bean garraidhe beag fataí agus nuair a chuaidh sí ag breathnuighad ar an ngarraidhe th'éis seachtmhaine bhí na síolta ar bhárr na hiomairí agus iad briste. Ní raibh cleas ar bith mar sin nach ndeanfaidis acht ní bheadh siad chomh dona sin marach spiadóirí thart san áit a bhí rithte aca le chuile sgéul seafóideach.Dá mbeirtí ar duine baint feamuina gan cead bhídis dhá mbualadh agus á leigeann abhaile 'na gcraiceann dearg agus chaithidis an t-éadach i bfairrge.
- Informant
- Máirtín Mac Dhonnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 73
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Cnoc Carrach, Co. Galway