School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhíodh siad ag tabhairt leó ba, caoirigh, muca, caiple os comhair cuile dhuine agus ní fhéadfadh aon duine drannadh leó.
Thugaidis droch bhualadh go daoine agus chaith siad an t éadach amach sa bfairrge agus bhí orraibh dul abhaile gan snáth.
Nuair a beadh cruach coirce buailte ag duine, tiubharfadh sé soir thar an Abhainn í mar ní raib baint aca thar an abhainn.
Daoine a bhíodh talamh mhaith aca bhainfidis dhíobh é dob fhéin.
Dá mbhead capall ag duine thógfadh siad uaidh é agus mar a mbhead fonn air an capall a tabhairt uaidh thugaidis leó an bó is fearr a bhead aige freisin.
Bhí an tir go mór fá cois aige.
Caithead daoine na háite dul ag obair dhó gan biaid gan páighe agus annsin tráthnóna chuirfeadh sé iad ag troid le reithe mór olc mar caitheamh aimsire dhó.
An Blácach agus Poillín Ó Ceallaigh.
Bhíodh na Blácaigh ag coinneál chuile píosa adhmad a thagadh isteach le taoille.
Tháinig sal mór isteach taob soir go Abhainn Cruimlinn agus fuair Póillin Ó Ceallaigh é. Fuair an Blacac sgéal air agus tháinig sé aniar:- chuir sé i bfairrge é agus thug leis(continues on next page)- Informant
- Padhraig Ó Tuathail
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Indreabhán, Co. Galway