School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Page 0012
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Grinn
“An t-ám úd in Éirinn bhíodh na daoine bochta ag féastaí chomh maith leis na boic mhóra.”
An t-ám úd in Éirinn bhíodh na daoine bochta ag féastaí chomh maith leis na boich mhóra. Tárla go raibh fear bocht ann a d-aineochadh aon sort feola a leagthaí roimhe. Fuair sé cuireadh lé dul chuigh suipéar mór a bhí lé bheith sa mbhaile an oidhche áithridh seo:
Dubhairt an buitiléara leis, "cuirfe mé chuig phúnt leat nach mbeidh fhíos agath cé'n sort feola a leagfas mise id fhiadhnaise anocht. Tháinig an oidhche agus leagad an mias bhreág feola amach ós comair an fir bhoicht.
Ní raibh fíos aige beirthe ná beó cé an sort feola a bhí ann. Thugh sé suas faoí dheireadh agus dubhairt sé; dhá fad dhá dtheigheann an sionnach beirtear sa dheiradh air. Bhuail faithchíos é nuair a chuala sé an comhluadar ag beichú is ag rádh; "Manamh gur fíor dhuith gur píosa de sionnach atá ann."
Fuair an fear bocht a chuigh phúnt agus sgapaidh a cháil.- Informant
- Ó Cioghain
- Gender
- Male
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Indreabhán, Co. Galway
Scéal Grinn
“Bhí fear ann fado agus chuaidh sé féin agus a bhean go dtí an baile mór lá amháin.”
Bhí fear ann fado agus chuaidh sé féin agus a bhean go dthí an baile mór lá amháin.(continues on next page)