School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)39. Féuch shuas mo chomh aois. Mo mhéur.
40. Céurd a bhíonns ag siubhal le cárr nach bfeiceann tú. Torann an cháirr.
41. Coisiní fada, ceathramhnaí cáma agus cloigeann gan aon t suil. Tlú.
42. Cailleach dubh agus is fada an lá í amuigh. Cruach mhona.
43. Tobairín fior uisge i lár an bhaile, guaillí iarainn agus boltaí maide.
Caig fuisge.
44. Tá suil ann acht ní fheiceann sé.
Fata no Snáthad.
45. Teachin beag agam agus é lán le feól duine. Méaracán.
46. Fear ag innseacht mo sgéil agus e gan feith gan fuil. Litir.
47. Cé'n áit a bfuil lámh ar muigín?
Taobh amuigh.
48. Béal mór nach ndunann agus trí chosa nach siubhlann. Pota.
49. Cén rud a fhásanns sios i gcomhnuidhe 'n'áit fás suas. Diorball bó.
50. Chomh cruinn le liathróid agus chomh fada le míle crann. Ceirtlín snáth.
51. Bean úasal ag sguabadh an chaisleáin gan craobh gan sguab.
An gaoth.
52. Tá cor i dhiorball na muice agus bain ainm fir as sin. Cormac.(continues on next page)