School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 1. Cá ndeachadh Íosa Criost nuair a bhí sé deich mbliadhna d'aois? Chuaidh Sé isteach san t-aonmhadh bhlian déag.
2. Tá me ghá chuartughadh agus ní féidir liom é fhágail is ní féidir le Dia é fhághail Máighistir Dé.
3. Chuaidh mé suas an bóithrín agus thugh mé an bóitrín ar mo druim liom. Dréimre.
4. Chuir mé slat san oidhche agus bhí sé chomh h-árd leis an spéir ar maidin. Deatach.
5. Chaith me suas é chomh bán le bainne agus thuith sé anuas chomh buide le ór. Ubh.
6. Cén fát a n-iompruigeann an ceannuighea a mhala? mar nach siubhaileann sé leis.
7. Cad é an chéad chuidh de'n bhó a théigeann thar an gchlaidhe? A h-anáill.
8. Chuaidh mé siar an garraidhe agus fuair mé rud nar theastuigh uaim. Dealg.
9. Cé méid iorball bhó a déanfadh as seo go dtí an spéir? Aon ceann amháin dhá mbhéad sé sáthach fada.(continues on next page)