School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Aille, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Catháin

Filter stories

Back
/ 0557 Forward
Resolution: Low | High
Scéal faoin Maighdean Mhuire agus Gabha

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0553

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Sgéal faoin Maighdean Mhuire agus gabha

Bhí Mac Dé agus an Maighdean Mhuire agus Naomh Seosamh ag siúbhal thart fadó agus bhí brat ar an Maighdean Mhuire agus d'imthigh an biorán a bhí ann as. Bhíodar ag siúbhal leó gur chas fear dóibh agus dubhairt an Maighdean Mhuire leis dealg a chuartú dhí le cur ins an mbrat. Dubhairt sé léi go raibh sé ró-chruadhógach le dealg a fhághail di. Bhíodar ag siubhal leó ansin gur chas fear éile dhóibh agus dubhairt sí leis dealg a fhághail di agus dubhairt sé sin freisin go raibh sé ró-cruadhógach le dealg a fhághail dhi.
Ní raibh a bhfad eile siúbhalta aca gur chas gabha leó agus dubhairt an gabha léi go ndéanfadh sé biorán di nuair a chonnaic sé a brat fosgailte. Dubhairt sí leis go

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Tuathail
Gender
male
Address
Knock, Co. Galway
Informant
Marcus Ó Tuathail
Relation
parent
Gender
male
Address
Knock, Co. Galway
Language
Irish