School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Aille, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Catháin

Filter stories

Back
/ 0557 Forward
Resolution: Low | High
Gaibhneacht

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0548

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Gaibhneacht

Fadó nuair nach mbíodh aon ghual ann is gualach a bhíodh ag na gaibhne le h-aghaidh teine. Sé an sort rud é gualach ná móin dóighte. Déantar é le poll a dhéanamh sa talamh agus annsin teine mhór mhóna a dhéanamh (sa talamh) i n-aice an phuill sin agus annsin nuair a bhíos an teine sin lasta go maith caithtear síos sa bpoll í agus caithtear puiteach ós a cionn. Annsin faoi cheann tamaill nuair a bhíos an teine múchta sa bpoll tógtar aníos í agus bíonn sí 'na gualach annsin agus tá sé níos feárr ná móin le h-aghaidh teine.
Seo cuid de na rudaí

(continues on next page)
Collector
Seán Ó Cúláin
Gender
male
Address
Loughaun Beg, Co. Galway
Informant
Seán Breathnach
Gender
male
Address
Caher, Co. Galway
Language
Irish