School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0546
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear fadó ann agus bhí cailín i ngrádh leis.”
(continued from previous page)taobh istigh de'n líne agus dhoirt sé an t-uisce coisreacan taobh istigh de'n líne chomh maith.
Amach san am marbhtha na h-oidhche tháinig fear an-mhór agus thosuigh sé ag cartadh na h-uaighe i na raibh an cailín ann. Nuair a bhí sé i n-aice leis an gconra d'osgail sé í agus thosuigh sé ag déanamh piosaí de'n chailín. Annsin chaith sé an cailín aníos as an uaigh ó phíosa go píosa. De réir mar bhí an fear mór ag caitheamh aníos na bpiosaí bhí an fear a bhí i ngrádh leis an gcailín ag tarraingt na bpiosaí isteach sa bhfáinne chuige féin leis an gcruibín caorach. Nuair a bhí an fear mór ag caitheamh aníos an piosa deiridh thug an fear eile isteach sa bhfáinne a bhí aige é leis an gcruibín caorach.
Nuair a chonnaic an fear mór seo d'eirigh sé na theine bhruidhte san aer. Chuir an fear an cailín na píosaí arís isteach sa gcónra agus chuir sé san uaigh í agus uaidh sin amach tá(continues on next page)- Collector
- Mícheál Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- An Chathair, Co. Galway
- Informant
- Siubhán Ní Neachtain
- Gender
- Female
- Address
- An Chathair, Co. Galway