School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Aille, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Catháin

Filter stories

Back
/ 0557 Forward
Resolution: Low | High
Galair agus Leigheasanna

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0526

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Galair agus Leigheasanna

An Fliú:- Sin galar cosamhail le slaghdán an-trom a thagann ar dhuine.
A leigheas:- Sé an leigheas is fearr atá air ins an gceanntar seo ná luighe ar an leabaidh agus neart éadaigh a chur ort féin agus cúpla gloine fuisge a ól.
An Triuch:- Is ar dhuine a thagann an galar seo. An té go mbíonn sé air bíonn casacht an-láidir air.
A leigheas:- Sé an leigheas atá air ins an áit seo ná a dhul amach roimh fhear a bheadh ag marcaigheacht ar chapall bán agus an leigheas a thiubhradh sé dhuit a dhéanamh agus go mbeidhfeá leigheasta.

(continues on next page)
Collector
Séamus Ó Coincheannain
Gender
male
Address
Cornarona, Co. Galway
Informant
Pádhraic Ó Coincheannain
Gender
male
Language
Irish