School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Na hAille, Co. Galway
- Teacher: M. Ó Catháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0481
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal
“Bhí fear fadó ann a bhí an-chleasach.”
Sgéal
Bhí fear fadó ann a bhí an-chleasach. Bhí sean-bhean in a comhnaidhe ar an mbaile céadhna a raibh roinnt saobhchan céille uirthi. Aon mhaidin amháin nuair d'éirigh an fear seo ní raibh dada le n-ithe aige. D'imthigh leis chomh h-éasgaidh in Éirinn agus bhí sé i ndon nó gur tháinic sé chomh fada le tigh na sean-mhná seo. Bhí an mac agus an t-athair imthighthe amach agus ní raibh istigh ach an tsean-bhean agus cailín óg. Bheannuigh seisean isteach agus tar éis beagán cainnte d'fhiafraigh an tsean-bhean dó cé raibh sé. "Bhí mé ins na Flaitheas ag déanamh poitín," ar seisean. "An bhfaca tú an dream seo againne ann?" ars an tsean-bhean. "M'anam go bhfacas," adubhairt an fear. "Meas tú an bhféadfá carr eórnan a thabhairt chuca," arsa sise. "Ara tuige na bhféadainn," arsa seisean. Níorbh fhada go raibh carr agus capall faoi réir(continues on next page)- Collector
- Colm Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway
- Informant
- Lochlainn Ó Cúláin
- Gender
- Male
- Address
- An Teach Mór, Co. Galway