Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0458

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0458

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0458
  3. XML “Bádóirín Thír an Fhia”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bádóirín Thír 'n Fhiaidh
    Maitiú Ó Donnchadha (20 bl.) do sholathruigh. Chuala Maitiú ó n-a athair, Máirtín Tom Uí Dhonnchadha, Baile na mBroghach é. Tá Máirtín os cionn trí sgór is deich de bhliadhanta. Duine an deagh-labhartha é 7 tá an-chuimse mion t-seanchais aige. Chaith sé sgathamh i Meiriocá in óige.
    Tá pian i mbéal mo chléibh a chuirfeadh na céadta fear 'un báis,
    Sé is dóigh liom a stór go gceapfá sa
    Gur saigheada searc a' grádh
    Nach trua mé anois ag sgaramhaint leat
    Ag teacht na huaire breagh
    Le linn an chuach ag seinm
    Is gach duilleabhar glas ag fás
    II
    Is é mo léan nár éag mé
    'S mé go hóg i dtús mo shaoghail;
    Nár rinneadh contra chaol dom
    Is mé 'chur go domhainn i gcill,
    Sul ma chonnaic me dá bhréagadh é
    Ag bean eile le mo thaobh,
    Agus mise bheith dá éagmuis
    A Dhia gléigeal nach é'n tslighe!
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maitiú Ó Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    20
    Faisnéiseoir
    Máirtín Tom Uí Dhonnchadha
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Baile na mBrobhach, Co. Galway