School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0449

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0449

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0449
  3. XML “An Fear a Ghoid an Cochall ón Mhaighdean Mhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. Bhí sé lá amháin ag iasgach agus chonnaic sé Maighdean-mhara ag teacht aníos as an uisge agus gan cochall ar bith uirthi. Bhreathnuigh sé isteach ar an dúirling agus chonnaic sé an cochall agus é leagtha ar chloich ann. Isteach leis agus d'árduigh sé leis an cochall uaithi. Nuair a chonnaic sí ag imtheacht é agus an cochall aige d'iarr sí air é a thabhairt di ach ní thiubharfadh. Lean sí abhaile annsin é ach ní thiubharfadh sé di an cochall. D'fhan sí sa teach annsin aige agus ní raibh sí ag labhairt focal ar bith leis.
    Aon lá amháin nuair a bhí an fear ag tuigheadóireacht chuir sé an cochall i bfolach sa díon. D'fhan sí sa teach annsin aige ar feadh seacht mbliadhna gan focal a labhairt ach i gcómhnaidhe i gcómhnaidhe ag iarraidh an chochaill air. Faoi cheann seacht mbliadhna tháinig bean isteach ar cuairt aige agus bhí an fear seo ag ithe a bhéile roimpi agus thainig sé cuid
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Tuairisg
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Tuairisg
    Relation
    Parent
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway