School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0442

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0442

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0442
  3. XML “Locht atá a'd air?”
  4. XML “Bóirne Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    beidh súil ar 'chuile dhuine a'd.
    (beidh = b'oye)
    D'imthigh leis a' mbuachaill agus bhain na súile as na beithigh ("beidhe") agus thug leis iad agus bhí sé taoí 'muigh go dhoras a' ríogh agus chuile dh. a rachadh isteach thairis bhuailfeadh sé súil beithidheach air. Dubht. a' rí go dtiubhradh sé rud ar bith dhó ach imtheacht uaidh. D'imthigh an buachaill abhaile agus tairbhe maith thíos 'na mhála aige go bhárr a' ríogh agus bhí a dhóthain aige an fhad 's mhair sé aríst.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (continued from previous page)
    t-am dá chaitheamh bhí duine dhá chur ó'n taobh a raibh an sguraichín go dtí an taobh eile go deo, nó nach raibh fágtha ach é féin ar thaobh agus an báire ar fad ar a' taobh eile.
    D'iarr an Sgoraichín ar an mbáire dá ngnothuigheadh sé ortha ar fad an seasfadh siad buille de'n chomán dó. Dubhradar ar fad go seasfadh. h-Imrigheadh an báire agus ghnothuigh an Sgoraichín (="Sgoruchaoin") agus annsin chuir sé in aon líne amháin iad agus thosaigh sé gá leagan ó dhuine go duine leis an gcomán nó nár fhág sé duine acu beó.
    Bhí Bóirne Mór ar a' bhfad seo a' breathnú tríd a' bhfuinneóig agus faoi dheireadh d'fhiafruigh cé hé an feanabán bán a bhí ag sladadh a chuid fear. (Ní raibh an Sgorach baistighthe go dtí sin.) Chuaidh Chuir sé cuireadh air a theacht isteach go dtí é. Chuaidh an feanabán isteach. Nr. a chuaidh thosaigh B.M. ag cur ceisteanna air, agus eisean ghá bhfreagairt go hábalta. Ach faoi dheireadh d'fhiafruigh Bóirne dhó an rachad sé ag troid leis. Dubhairt
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.