School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0441

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0441

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0441
  3. XML “Rí Alban agus Iníon Rí an Domhain Thiar”
  4. XML “Bóirne Mór”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    an ngiolla, agus ní dhearna sí annsin ach barraile uisge fiuchta fagháil, braon de'n uisge bhí i dT. na B. a chraith' uirthi féin agus a dhul síos agus aníos ann gan aon cheo eirighe di. Chuaidh Rí Alaban síos ins an mbarraile ach aníos níor tháinic sé. Chuir an giolla braon de'n uisge air féin agus chuaidh sé ins an mbarrile. Agus tháinig sé aníos. Agus phós sé I. R an D.Th. agus is acu bhí brabach Ríogh Alaban ar feadh a saoghail.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. In aimsir na bhFianna Éireann bhí taoiseach ortha darbh' ainm Bóirne Mór. Aon lá amháin tháinic sean-bheainín go dtí é agus d'fhiafruigh sí dhó an imreóch sé cluiche cártaí. Dubht. Bóirne M. nár mhiste leis. - Ach, adeir an t-sean bheainín, má ghnothuigheann tú an chluiche beidh saoghal maith agad; má ghnothuighim-se ort-sa béidh an saoghal an-chruaidh agad. Ghnothuigh an t-seanbheainín an cluiche agus bhí B.M. in imshnidhe uaidh sin amach.
    Aon lá amháin bhí an sluagh a bhí ag B.M. ag imirt báire agus ba gearr go dtáinic sgurach beag agus a mháthair go dtí iad. Ba í a máthair bean Deirg Mhór Mac Móirne Mór 'a marbhuigheadh tamall roimhe sin. D'iarr an sguraichín cead a dhul isteach ar thaobh de'n bháire. Ghlac an báire leis mar shaoileadar gur cuma acab nó uathab é. Ach ní amhlaidh bhí. Faoi cheann tamaill b'éigin do'n bháire a raibh sé ag troid dóibh duine a chur go dtí an taobh eile mar bhí an sguraicín ag oibriú go h-iongantach. Dé réir mar bhí an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádhraic Mac Thuathaláin
    Gender
    Male
    Age
    26
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway