Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0432

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0432

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0432
  3. XML “Hop is Bí Thall”
  4. XML “Cos faoi Chrios, Plug an Chaincín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear fadó ann agus bhíodh sé ag fiadhach gach lá. Cuaidh sé amach ag fiadhach an lá seo agus mharbhuigh sé préachán. Bhí go leor sneachta ar an talamh agus thuit cuid de'n fhuil ar an sneachta. Bhí dath dearg ar an sneachta. Bhí dath dearg ar an bhfuil, agus dath bán ar an sneachta, agus dath dubh ar an bpréachán. Dubhairt sé leis féin annsin nach bpósfadh sé aon bhean go deó, acht an bhean a mbeadh na trí datha sin uirthi.
    D'imthigh leis abhaile. Is ghearr gur chuala sé an guth agus [agus?] dubhairt go raibh bean mar sin san domhan thoir. D'imthigh leis, bhí sé ag siubhal leis, is geárr gur chas fear dhó agus é ag cur muillean gaoithe ar bun le na leath-pholláire agus bhí ócum san bpolláire eile. D'fhiafruigh sé do'n fear seo cé'n fát nach raibh an dá pholláire ag séideadh dubhairt sé dá mbeadh an dá pholláire ag seideadh go bhfuadóchadh sé an muillean ar fad. D'fhiafruigh sé de cé'n pháighe a bhí sé ag fágháil. Dubhairt sé leis gur cheithre phunt é. "Má thagann tú infhéacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513A: Six Go through the Whole World
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Tomás Ó Gríobhtha
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Máille
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Cor na Rón, Co. Galway