School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0296

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0296

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0296
  3. XML “Déardaoin Dearg”
  4. XML “Madra Allta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann fadó agus bhí ceathar inghin aici. Lá amháin chuaidh an bhean chuig a' bhfigheadóir a' deilbh. Nuair a bhí an t-éadach réidh rinne an inghin is sine cóta di féin. Ní raibh an cóta i bhfad aici nuair a cailleadh í. Chuir an dara inghin an cóta uirthi féin agus ní raibh sé 'bhfad aice sin ach oiread nuair a cailleadh í. Chuir an treas inghin an cóta uirthi féin agus thárla an rud céadna di. Bhí an mháthair agus an inghin eile go brónach i na ndiaidh. Bhí an inghin seo ag a' sruthán (srán) lá a' nigheachán an chóta. Chonnaic sí cailleach ag déanamh uirthi. "Caith uait a' cóta sin," adeir a' chailleach, "mar is Diardaoin Dearg a deilbheadh an cóta sin agus duine ar bith a chuireas éadach air féin a deilbheadh an lá sin ní (i) bhfad é a shaoghal agus ní bheidh an t-éadach caithte go deó."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    2. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    3. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Cearra
    Gender
    Male
    Informant
    Pádhraic Ó Cearra
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    An Lochán Beag, Co. Galway
  2. Bhí madarallta san áit seo fadó agus bhí sé an-chríonna. Bhí sé ráidhte dá gcasadh sé do dhuine agus é 'spáint sgian cois bhán dó nach mbacfadh sé leis. Aon lá amháin bhí fear ag dul go Magh Cuilin agus chas sé leis. 'Spáin a' fear sgian do a raibh cois bhán innti, agus d'imthigh an madarallta leis ansin. Is gear gur chas fear eile do'n fhear seo agus d'fhiafruigh sé dó a' raibh aon sgian cois bhán aige, agus dubht. sé go raibh. Thug a' fear dó ansin an sgian a bhí aige féin, agus bhí sé féin annsin gan aon sgian. Is gear gur chas a' madarallta leis a' bfear a fuair a' sgian. Nr. a chas d'aithin an madarallta an sgian. Rith sé leis ar an bpoinnte. Tháinic sé suas leis an gcéad fhear agus mharbhuigh sé é.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.