Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Selerna School, Co. Galway
Múinteoirí:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0294

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0294

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0294
  3. XML “Is Maith an Léim Gamhna í”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i gConamara fadó dár b'ainm Mícheál Ó Mainnín. Más fíor nó bréag é deirtear go mbíodh sé ag imtheacht in éindigh le na daoine maithe. An oidhche áithrid seo tháinig siad fána dhéin. Bhí ortha a ghabháil anonn go Co. an Chláir agus badh mhaith leo Mícheál a thabhairt leó. Bhí sluagh mór acu ann agus bhí deis marcaidheachta ag gach duine acu. Acht séard a bhí le haghaidh Mhíchil acu, bullán, Thug siad gach ordú dhó dá raibh riachtanach sula d'fhága sé an teach, ach ar chraiceann a chluaise gan aon fhocal a labhairt nó go mbeadh sé ar ais sa mbaile arís.
    D'imthigheadar leó thar cnuic agus thar gleannta nó gur shroicheadar bruach na Sionainne. Chuaidh gach duine acu thar an Sionainn de léim agus bullán Mhichíl chomh maith le ceann ar bith acu. Chuir an léim an oiread iongnaidh ar Mhícheál agus go ndearna dearmadh ar an ordú. Leig sé béic agus dubhairt sé, 'Is maith an léim gamhna í sin!' Caitheadh anuas de thuairt faoin talamh é. Nuair a d'éirigh sé ní raibh duine ná beithidheach le feiceáil aige acht é féin. B'éigin dó siubhal abhaile go Conamara, cibé achar a bhí sé ar an mbealach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge