School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0284

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0284

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0284
  3. XML “An tOileán Draíochta”
  4. XML “An tOileán Draíochta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Chonnaic bádóir é fadó deirtear. Bhí an-eolas aige seo ar bhádóireacht. Is air an bhfarraige a chaitheadh sé a shaogal ag iascach. Bhí sé lá agus é ag ceangal an tseóil nuair a chonnaic sé an t-oileán. Thug sé leath-bhord i dtreó an oileáin agus shíl sé píosa iarainn a chaitheamh air, ach níor eirigh leis. Chaith sé an píosa ach níor eirigh leis an píosa a chur ar an oileán. Chaith sé ró-uathbhásach é agus thuit an píosa san uisge. D'imthigh an t-oileán as a radharc ar an bpoinnte.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí fear ag iascach lá amuigh i gCuan na Gaillimhe. Shíl sé go raibh breac ar a dhubhán aige mar d'airigh sé an meadhchan ag teacht ar an dorugha. Tharraing sé isteach é. Agus céard do bhí aige ach píosa de chrann caorthan agus é faoi bhilleóga glasa agus caora dearga? Thug sé leis sa mbád abhaile é agus nuair a theasbáin sé do'n sean-dream é dubhairt siad gur bh'fhíor [go mba fíor] faoi'n oileán draoidheachta.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Pádraic Ó Cearra
    Gender
    Male