Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Selerna School, Co. Galway
- Múinteoirí: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Gach aon tseachtmhadh bliadhain feictear lóchrann iongantach amuigh i gcuan na Gaillimhe. Tá sé ráidhte ó'n tsean-chaint gurab shin solus atá ar oileán agus Oidhche Chinn an Dá lá Dhéag a feictear é. Deirtear gurab iondúil gurab oidhche gharbh a feictear é agus dá gcaithfidhe splannc nó píosa iarainn air go n-imtheóchadh an draoidheacht uaidh agus go mbeadh an píosa talamhna le feiceál i gcomhnaidhe. Chualaidh mé m'athair a'rádh go ndeachaidh a athair féin agus a dhearbhráthair síos oidhche ar an dúirling ag cur a gcuid currachaí amach le dhul go dtí é agus gur imthigh an solus ar an bpuinnte. Chualadh mé freisin go raibh caiptín ag dul an bealach i mbád seóil agus go raibh sé ag cloisteáil i na cainnte ag na daoine. Bhí sé ag imtheacht i gcomhnaidhe nó gur tháinic sé go dtí an áit ar cheap sé an t-oileán a bheith ach níor chuala agus ní fhaca sé ach lom-chlár na fairrge móire.
- Bailitheoir
- Colm Ó Cúláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Teach Mór, Co. Galway