School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0262

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0262

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0262
  3. XML “Bíodh Uisce Istigh”
  4. XML “An Mhaighdean Mhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ag imtheacht thart fadó oidhche amháin. Bhuail sé isteach a dteach. D'iarr sé deoch ar bhean an tighe. Dubhairt sí nach raibh aon uisge istigh. "Bíodh uisge istigh chuile oidhche eile agat ar mhaithe leat féin," adeir sé. Nuair a d'éirig an bhean ar maidin chonnaic sí pláta fola leaghtha ar an mbord agus nóta beag go pháipéar leagtha lé n-a thaobh. Bhí sé ráidhte san bpáipéar gur as an mbean a bhain sé an fhuil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Bhí buachaill ann fadó agus bhí draoidheacht air. Thagadh Maighdean mhara gach lá go dtí é ag iarraidh é a thabhairt léi, bhí draoidheacht uirthi-sé freisin. D'imthigh sé go dtí tír i bhfad ó bhaile faoi dheireadh, acht nuair a bhí sé ann cúpla lá agus é ag ithe a bhreacfasta tháinig giarrfiadh ag an dorus. Rinne an buachaill cú dhó féin agus lean sé í, thar chnoc is thar chnocán nó go ndeachaidh siad isteach san bhfarraige agus ní fhaca aoinne amharc ortha ó shoin acht an mháthair féin. Gach maidin roimh eirighe na gréine theidheadh an mháthair síos ag an gcladach ag cainnt le na mac. Bhíodh an mac ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. mermaids (~305)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás Ó Gríobhtha
    Gender
    Male
    Age
    12
    Informant
    Máirtín Ó Máille
    Gender
    Male
    Age
    72
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway