School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhreathnuigh an deabhal isteach, agus bh an fear agus a bhean ag troid. "Gabhfa mé isteach annseo," adeir sé, agus faoi cheann seachtmhain ó indiu beidh páiste ann agus nuair a bhéidheas sé sgór bliadhain d'aois beidh sé i na shagart agus chuile dhuine a bhéidheas ag an Aifreann sin beidh siad damnuighthe." D'imthigh an mac leis nó go dtáinig sé go dtí duine uasal. Fuair sé obair annsin. Sé an obair a thug an duin' uasal dhó a dhul chuig an gcúirt 'ghá faireadh. D'imthigh leis an mac go dtí an chúairt nó go raibh sé an dó dhéag.
Is gearr a bhí sé ann tar-éis an dó dhéag nuair a d'airigh sé torann ag teacht anuas an staighre. Céard a bheadh ann acht dhá tharbh gan drioball! Thosuigh siad ag troid nó go raibh siad tuirseach. Dubhairt an mac leo go raibh a ndóin buailte acu ar a chéile.
Suas leo arís, agus is gearr go dtáinig siad anuas arís i na dhá mada agus thosuigh siad ag troid arís. Dubhairt an mac leó go raibh a ndóin buailte acu ar a chéile. Annsin dubhairt sé arís leó, - "Más beó nó marbh sibh tá bhur ndóin buailte agaibh ar a chéile."
Chuaidh siad suas arís, agus tháinig siad anuas i na dhá gcolam gan aon cheann. Thosuigh siad ag troid arís. Dubhairt an rud céadhna agus dubhairt sé cheana. Labhairt colam acu annsin agus dubhairt, "Is (mise) tú an fear is misneamhla a chonnaic mé ariamh.
Tá dhá phota óir i gceann thiar na cúirte a bhain(continues on next page)- Collector
- Tomás Ó Gríobhtha
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Informant
- Máirtín O Máille
- Gender
- Male
- Age
- 35
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway