School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0249

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0249

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0249
  3. XML “Fáisc, Fáisc, a Ribe!”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí beirt ghasúr in a gcomhnaidhe in aon teach amháin fadó, mac le sean-bhaintreabhach agus mac le inghin na baintreabhaighe. Ba chosamhail le chéile an bheirt agus nuair a thagaidís abhaile ón sgoil chuile tráthnóna bhíodh sé ag cinneamhaint ar na máithreacha a mac féin a aithneachtáil. Sa deireadh chuir an t-sean-bhaintreabhach comhartha cluas ar a mac féin sa gcaoi go n-aithneóchadh sí é. Dubhairt an mac sin go n-imtheóchadh sé as an áit ar fad agus nach mbeadh sé le rádh choidhche go raibh comhartha cluas air.
    Nuair bhí an mac seo ag imtheacht lá'r na bháireach d'fhiafruigh an mac eile dó,- Cé'n chaoi a mbeidh fhios agam-sa nuair a bhéas aon anachain ort?
    -'Bhfuil fhios agad an tobairín a mbíodh muid ag ól deoch ann fadó 'chuile mhaidin ag dul chuig an sgoil dúinn? ar seisean.
    -Tá fhios, adeir an mac eile.
    -Nuair a thárlóchas aon nidh maith domhsa beidh barr meala air sin, ach nuair a thárlóchas aon droch nidh domh, beidh barr fola air.
    D'fhágadar slán ag a chéile annsin.
    Thug an mac a bhí ag imtheacht capall, cú agus seabhac leis. D'imthigh leis annsin go dtí go dtáinic go dtí abhainn agus chait an capall an abhainn dhe léim dhó. Nuair a chonnaic maor na h-abhann an léim sin rinne se iongantas dhó. -Níor chaith aon duine an abhainn sin cheana ariam gur chaith tusa anois í, adeir sé.
    D'imthigh le mac na baintreabhaighe annsin go dtáinic sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0303: The Twins or Blood‑Brothers
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway
    Informant
    Seán Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    40
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway