School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0246
- XML “An Ceannaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí ceannaidhe fadó ann agus bhí asal agus carr aige. Ní stopadh sé i gcomhnaidhe acht ag bailiú raigeannaí is gach a bhfuigheadh sé orra ól. Bhí sé ag imtheacht oidhche amháin is an carr aige is é as a chiall lé na raibh ólta aige. As an deireadh thuit sé na chodhladh agus níor stop an t-asal go deó gur sheas sé an áit a raibh gual dá bhaint. D'airigh an dream a bhí ag baint an ghuail an t-asal taobh amuigh is chuaidh siad amach go dtí é. Fuaireadar an fear san gcarr is thug siad isteach é. Chúartaigh siad é is fuair siad cárt fuisge is seacht agus sé pighine 'na phóca, acht má 'seadh níor thugadar leó é. Nuair a bhí sé toruighthe dhúisigh sé "Óra cá bhfuil mé?" adeir sé.
"Tá tú in ifrionn" adeir siad.
"A' leigfear as mé?" "Ní leigfear' adeir fear aca, "mara bhfuil cárt fuisge agat is seacht agus sé pighine.'
Thosuigh sé a' cúartú. Ba ghearr gur chas an cárt fuisge leis. Thosuigh sé a cúartú ní b'fhearr is chas an seacht agus sé pinghine leis. Thug sé dóibh annsin agus sgaoileadar bóthar leis.(continues on next page)- Collector
- Mícheál Ó Cearra
- Gender
- Male
- Age
- 12
- Informant
- Pádhraic Ó Cearra
- Gender
- Male
- Age
- 40
- Address
- An Lochán Beag, Co. Galway