School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0243

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0243

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0243
  3. XML “Turas na Cruaiche”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear i n-a chomhnaidhe i bparráiste thiar i gConnamara fadó agus bhí sé an-bhocht. Ba é an t-ainm a bhí ar shagart an pharráiste a raibh sé 'na chomhnaidhe ann ná Pádhraic. Bliadhain amháin ní raibh an fear bocht indon airgead na Nodlag íoc leis an sagart. Dá bhrígh sin d'iarr an sagart ar an bhfear rud éigin in áit an airgid. Ní raibh aon cheó ag mo dhuine le tabhairt dó ach an t-aon bhó amháin, - an t-aon mhaoin a bhí sa saoghal aige - agus bhí leisg air sgaradh léi sin. Acht nuair a labhair sé le n-a mhnaoi faoi dubhairt sise, - "Silim go bhfuil sé chomh maith dhuit í chasadh chuige amáireach; b'fhéidir gurbh'é ar leas é. Ar chualaidh tú ariamh ar sise, - 'Is goire cabhair Dé ná an doras'?"
    An lá sin chas an fear bocht an bhó go dtí teach an tsagairt. Bhí buidheachas mór ag an sagart ar an bhfear agus thug sé béile maith dhó. D'imthigh an fear leis abhaile annsin agus chuaidh a chodladh sáthach brónach an oidhche sin. ... Maidin lá'r na bháireach nuair a dhúisigh sé d'airigh sé géimneach beithidhigh sa t-sráid. Amach leis. Thug sé fá deara ar an bpuinnte a bhó féin agus seacht gcinn de bhulláin in éindigh léithi. Chuir sé isteach san iothlainn ar chúl an tighe iad agus isteach leis abhaile. D'innis sé dá mhnaoi gur tháinic an bhó abhaile agus seacht gcinn de bulláin an t-sagairt in éinfheacht léi. Chuir an sgéal áthas mór uirthi-se. Cheap an bheirt acu gurab é an chaoi a chuir
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1735: “Who Gives his Own Goods shall Receive it Back Tenfold.”
    Language
    Irish
    Collector
    Máirtín Ó Cúláin
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway
    Informant
    Pádhraic Ó Muireadhaigh
    Gender
    Male
    Age
    55
    Address
    Cor na Rón, Co. Galway