School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0232

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0232

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0232
  3. XML “Cnoc Dabhach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá cnoc mór ar dtugtar Cnoc Dabhach sa sliabh i n-aice le Bodhbhrocháin. Fadó ba ghnáthach leis na daoine na beithidhigh a fhágáil amuigh ar an sliabh san oidhche san samhradh. Nuair a théighidís ag bleaghan na mbeithidheach thugaidís búaireach leó chun cur ar a gcosa deiridh chun iad a choinneál ó chiceáil. Maidin amháin chuaidh bean amháin suas ar an sliabh agus thug sí a búaireach agus a chuid soitheach léi. Nuair a bhí sí ag tarraingt ar an gcnoc gach cloch a bhí ann bhí tubán óir leagtha i n-a mhullach. Ar an bpoinnte agus a chonnaic sí an t-ór ní dhearna sí ach casadh ar a cois ag ritheacht abhaile agus glaodhach ar chongnamh chun an t-ór a thabhairt léi. Ach nuair tháinic sí ar ais ní fhaca sí ach buaireach leagthaí ar bhárr gach cloch. Bhligh sí a cuid beithidheach agus thug sí a h-aghaidh ar an mbaile go trom-chroidheach brónach.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Location
    Cnoc Dabhach, Co. Galway
    Collector
    Mícheál Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway