School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0231

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0231

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0231
  3. XML “An Triúr Deirfiúr”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann fadó agus bhí triur inghean aige. Phós an bheirt a b'óige acu agus ní raibh fear ar bith 'ghá pósadh seo, bhí sí chomh droch-mhúinte sin. Tháinig sé seo ghá h-iarraidh faoi dheireadh agus phós sé í, agus ní bhfuair sé aon locht uirthi. D'imthigh leó. Nuair a bhíodar ag dhul thar abhainn d'eirigh giorrfhiaidh. Lean an chú é. Leig sé fead uirthi ach níor tháinic sí. Chaith sé an chú. - Cé'n ciall duit sin a dhéanamh? ar sise.
    Bhí sé ag dul thar abhainn ansin. Chuir sé an capall amach ag ól deoch. Ní dhearna an capall a chomhairle. - Téirigh anuas, adeir sé leis an mbean. Tháinic. Chaith sé an capall. -Chuir an diallaid ar do dhruim anois, adeir sé. Chuir, agus thug sí abhaile í.
    Thug an t-athair cuireadh dóibh annsin a theacht ar dinnéar ar a gcuairt mhíosa. Tháinig. Chuaidh an triúr inghean ag imirt chártaí ansin. Chuir an triúr fear annsin geall cé'n bhean ba éasga a thiocfadh nuair a ghlaoidhfidhe uirthi. Dubhairt an fear seo gurab í a bhean féin í.
    Ghlaoidh an chéad fhear a phós ar a bhean. - Fan go n-imreó mé an lámh seo, adeir sí. Nuair a bhí an lámh imrighthe tháinic sí anall. - Teirigh anonn anois níl aon ghnoithe agam dhuit, adeir sé.
    Ghlaoidh an dara fear ar a bhean féin. Níor tháinic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0901: Taming of the Shrew
    Language
    Irish
    Collector
    Colm Ó Dioláin
    Gender
    Male
    Age
    13
    Informant
    Máirtín Frainc Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    Coill Rua Thiar, Co. Galway