School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sailearna (Buachaillí)
- XML Page 0227
- XML “Mac Rí, Leasmháthair srl.”
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)suain ó do bhean? adeir an buachaill. - Faghaim, adeir seisean.
An treas oidhche nuair a thug sí an cupán chuige. - Tá sí seo ró-the, adeir sé. Nuair a fuair sé an bhanríoghan imthighthe síos, chaith sé a raibh sa gcupán amach thríd an bhfuinneóig. Tháinic an bhean eile. Bhí sí ag cur síos ar gach rud dó. - Is fíor sin, adeir sé; is tusa, mo bhean-sa. Dhíbir sé an bhanríoghan eile. (no title)
“Comhairle an fhir óig agus obair an tseanduine.”
1) "Comhairle an fhir óig agus obair an tseanduine." Tom Breathnach.
.i. An saoghal nua. - An duine óg ag ordughadh seo 's siúd agus an seanduine bocht ag obair.
comhairle = ordú, ceannús ceann. comhairleachán = "Boss".2) B'fhéidir nach túisge bheadh craiceann na sean-chaorach ar fraigh na craiceann na caorach óg. Seán Dan.
fraigh = balla. "FRR-[é]".3) Baineann an t-aireachas an ceann de'n anachain. (Is fearr é ná fál ar an ngort tar éis na foghlach)
Is fearr suidhe 'na bhun ná suidhe ar 'áit.- Informant
- Tom Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 78
- Address
- Na hAille, Co. Galway