School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0221

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0221

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0221
  3. XML “Scolóigín na Féasóige Liath agus Mac na Baintrí”
  4. XML “Toirneach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    séanta ag mac na b. Do bhuail faitchíos a raibh láithreach nuair a chuala siad an glór mná imeasg na gcearc, ach brón a tháinic ar mhac na baintreabhaighe mar gheall ar gur shéan sé Inghean S. na .f.l. agus d'iarr sé párdún uirthi agus fuair agus tháinic sí ar ais i gcuma mná arís agus chuaidh sí féin agus mac na b. i gcomhairle le chéile. Phósadar agus chuaidh diad in-a gcomhnaidhe i dtigh Mhic na B. agus mhaireadar go maith le chéile as sin amach.
    Críoch.
    [Tá leagan i bhfad níos fearr de'n sgéal seo .i. leagan Bheartla Tom Saile - curtha isteach chuig an gCumann Re Béaloideas cheana ag Pádhraic Ó Finneadha, an Lochán Beag, Cois Fhairrge.]
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Dá mbeadh ál uibheacha shíos faoi chearc agat agus teagadh an toirneach ortha ní thiocfa siad amach, sin nó marbhóchthar go leór de na héin sna h-uibheacha.
    Dá mbeadh leann réidh agat (le poitín a dhéanamh) aimsir thoirnighe mhillfeadh an toirneach an leann. Is minic a chuirtear iarann sa leann (e.g. slat iarainn) aimsir toirnighe, le n-a shábháil. Ach is beag poitín de'n raith is féidir a dhéanamh de leann ar bith a mbeireann an toirneah air.
    Géaruigheann an toirneach bainne agus cuireann thrí n-a chéile é.
    "Óra a dheabhail, beidh an pórtar millte!" adeireadh Sean-L. nuair a chloiseadh plump toirnighe. (.i. an barraille a mbeadh an 'tap' ann thagadh blas gránna air de bharr na toirnighe agus níor bh'fhéidir é ól bíodh se chomh géar sin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. processes and phenomena
      1. thunder and lightning (~109)
    Language
    Irish
    Informant
    Tom Breathnach
    Gender
    Male
    Age
    78
    Address
    Na hAille, Co. Galway