School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Chuaidh fear ar aimsir fadó agus nuair a bhí sé le dul abhaile d'fhiafruigh a mháighistir dhó cé acu a b'fhearr leis trí chomhairle mhaith agus leath a pháighe a choinneáilt uaidh nó a pháighe ar fad agus gan comhairle ar bith.
"Tóigfidh mé leath mo pháighe agus na trí chomhairle mhaith" adubhairt an buachaill.
"Tá go maith," adeir an máighistir. "Seo iad na comhairlí":-
"Má's cam díreach an ród sé an t-slighe mór an t-aithgiorra." "Ná codail i n-aon teach i n-a bhfuil sean-fhear pósta ag bean óg, nó sean-bhean pósta ag fear-óg."
"Má thagann fearg mhór ort caith trí ghail tobac agus beidh tú ceart annsin."
D'imthigh leis an bhfear(r). Is gearr gur casadh beirt fhear dhó. D'iarradar treasna coille é mar bheadh aithgiorra mór dhó ann ach d'eitigh sé. D'imthigh an bheirt eile leo treasna na coille agus d'imthigh an fear eile an tslí mhór. Is gearr gur chuala sé sgréach agus an lá in a dhiaidh fríoth dhá chorp na bhfear istigh sa gcoill.
D'imthigh leis an bhfear óg. Tháinic sé go dtí teach. Chuaidh sé isteach ann. Bhí sean-fhear in a shuidhe sa(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Fionnagáin
- Gender
- Male
- Informant
- Máirtín Pheadair
- Gender
- Male
- Age
- 62
- Address
- An Baile Fánach, Co. Galway