School: Sailearna (Buachaillí)

Location:
Selerna School, Co. Galway
Teachers:
M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0218

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0061, Page 0218

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Page 0218
  3. XML “Nuair is Crua don Chailleach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ins an ám fadó ba ghnáthach leis na daoine crothannaí nó rud ar bith a mbeadh tóir aca air nuair bhíodh siad beó a chur sa gcónra leó nuair a gheobhaidís bás. Ach thárla sé go bhfuair sean-fhear bás agus do cuireadh mála crothannaí faoi n-a cheann. Chuala sean-chailleach é a bhí san mbaile céadna agus bhí an-dúil i gcrothannaí aice ach ní raibh aon choisméig síobhail aici. D'iar sí ar bhuachaill a bhí san teach í a thabhairt chuig an roilg ar a dhruim agus go dtiubhradh sí luach saothair maith dhó.
    San am sin bhíodh gadaidhthe caorach ag dul thart ag goid caorach agus ghá gcruinneál sa Roilg. D'fhan fear aca ag tabhairt aire do na caoire an fhad agus a bhí an duine ag tarraingt chuige. Ach nuair a tháinic an buachaill agus an chailleach ar a druim aige shíl an gadaidhe [a bhí a bhí san roilg gurb é an gadaidhe] eile bhí ag teacht agus caora aige. Dubhairt sé "Is she fat?"
    "Fad ná fat anois í bíodh sí agat"
    "Manam nach mbeidh mise aige," adeir an chailleach agus rith sí abhaile.
    Tá sean-fhocal ann, nuair is cruaidh do' chailleach caithfe sí rith.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Language
    Irish
    Collector
    Mícheál Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Age
    14
    Address
    An Teach Mór, Co. Galway