School: Sailearna (Buachaillí)
- Location:
- Selerna School, Co. Galway
- Teachers: M. Ó Catháin Bean Uí Chatháin T. Ó Séaghdha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Tá bó 'leithéide seo do fhear le breith ar maidin. Beidh ar ndóithin bainne amáireach againn." Bhí an fear ag éisteacht léi taobh amuigh. Dubhairt sé léi, "Má's sin é do sgéal bíodh sí ar fad agaibh". Chuaidh sé abhaile agus d'fhág sé ansin í. Chuaidh sé a chodhladh. Nuair a d'éirigh sé ar maidin fuair sé an bhudóg agus an laogh san iothlainn i n-áit nár sheas aon bhó ariamh. Sin é mo chuid-sa dhó.
[Nóta imill: "Tá bó a léide seo gar"] - Bhí (fair) fear i n-a chomhnaidhe ar Thulaigh na Sídheóg fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Tiobóid Mac Cábhuic. Bhí teach aige ar an Tulaigh agus teach eile ar Thamhnaigh na Bacaighe i gcaoi nuair a bheadh gaoth aniar ann go mbeadh fasgadh aige taobh thoir na Tulaighe agus nuair a bheadh gaoth anoir ann go mbeadh fasgadh aige taobh thiar na Bacaighe.
Bhí sé pósta agus ní raibh aige acht aon mhac amháin Páidín Thiobóid. Ar an Tulaigh a bhí sé an oidhche seo, agus é ag cur síos a bhéilídhe fataí. Theastuigh uisge uaidh agus chuaidh sé amach ag an tobar ag iarraidh buicéad uisge. Nuair a(continues on next page)- Collector
- Máirtín Ó Fátharta
- Gender
- Male
- Informant
- Mícheál Ó Fátharta
- Relation
- Relative (other than parent or grandparent)
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Clochar na gCon, Co. Galway